Reconnections
Ceapadh an saothar seo – droichead coisithe – le cur in áit seandroichead bóthair thar chanáil Bhéal an Mhuirthead. Tugann sé ar ais don bhaile mór na seanslite siúil a bhí ann fadó, chomh maith le saothar a chruthú a bheadh ina phointe aitheanta ar bhruacha na canála.
AN SAOTHAR EALAÍNE
Droichead coisithe thar chanáil Bhéal an Mhuirthead a bhí sa saothar ealaíne a cruthaíodh do Thír Sáile.
EALAÍONTÓIR - GEORGE TRAKAS
Rugadh George in Quebec Cheanada, ach tá cónaí air sna Stáit Aontaithe anois. Bhí sé in a theagascóir in Yale University. D'oibrigh George áiteanna éagsula ar fud an domhain; bíonn sé spreagtha ag naisc agus ceangail, agus tá iomrá air as rannpháirtíocht an phobail as spreagadh ina chuid dealbhóireachta. Taispeántáin shuíomhoiriúnaithe atá i gcuid mhaith dá chuid tograí, agus tugann sé dealbóir comhshaoil air féin. Is minic a dhéanann sé athchúrsáil ar ábhair áitiúla lena gcuimsiú i saothar aige. I measc na ndámhachtainí atá bronnta air tá an Guggenheim Fellowship i 1982, National Endowment for the Arts Fellowship i 1989, agus an Medal for Sculpture ón American Academy of Arts and Letters i 1996. Bronnadh dochtúireacht oinigh ó Emory University air in 2011.
TREORACHA:
Ar an gcanáil ar an taobh thuaidh de bhaile Bhéal an Mhuirthead.