Is d’aon ghnó atá tréithe na meithle le brath go láidir i Siompóisiam agus Slí Dhealbhóireachta Thír Sáile, mar b’í an mheitheal an bealach traidisiúnta inar tháinig scata daoine le chéile chun obair a chur i gcrích. Tagraíonn chuile ghné d’fhorbairt an tionscadail don phrionsabal seo, ón gcomhoibriú idir ealaíontóirí, rannpháirtíocht an phobail sa tionscadal, flaithiúlacht úinéirí poiblí agus príobháideacha araon a dheonaigh suíomhanna le haghaidh píosaí ealaíne agus an fáilte a cuireadh roimh ealaíontóirí. Bhí rannpháirtíocht an phobail áitiúil agus comhoibriú leis na healaíontóirí lárnach do rath an tionscadail sa chaoi is gur aontaigh sé muintir agus áit faoi bhrat a bhféiniúlachta – agus bhain chuile dhuine barr tuisceana ar a n-oidhreacht chultúrtha féin dá bharr.

 

Bunchloch an choimisiúnaithe ba ea úsáid ábhair agus timpeallachtaí nádúrtha i saothar na n-ealaíontóirí, ag obair as láimh a chéile leis an dúlra mórthimpeall orthu. Toradh amháin de seo ar ndóigh, toradh a bhíothas ag tnúth leis, ná creimeadh roinnt de na saothair ar ais sa dúlra ó shin.

‘De bhonn an chaidrimh a cothaíodh idir ealaíontóir agus dúlra trí bhíthin na samhlaíochta agus an ghnímh, éiríodh le bunsprioc Thír Sáile a bhaint amach: is é sin an t-am a chuaigh thart a cheiliúradh, sásamh a bhaint as an am i láthair, agus aghaidh a thabhairt go fonnmhar ar an am atá le teacht.’

Síorathrú

Nuair a tionscnaíodh Slí Dhealbhóireachta Thír Sáile 25 bliain ó shin, ba bheag trácht a chloisfí ar athrú aeráide agus domhandú. Ach d’ainneoin sin, chruthaigh ealaíontóirí ó chuile chearn den domhan – roghnaithe chun páirt a ghlacadh i meitheal ealaíne i gcomhpháirt le pobail ar fud Thuaisceart Mhaigh Eo – 14 thionscadal a léirigh dlúthcheangal agus tuiscint ar na cumhachtaí a mhúnlaigh an tírdhreach seo anallód, ar an tiontú ó leac oighir go talamh slán ag deireadh na hoighearaoise seo caite, agus go háirithe ar thionchar na ndaoine a chuir fúthu sa cheantar seo le 5000 bliain anuas. Níorbh fhada go raibh síorathrú eile, cumhachtaí na linne seo, ag dul i bhfeidhm ar an gceantar; an tionscnamh ola agus gáis agus an digitiú ag fágáil a lorg ar an bpobal agus an timpeallacht araon.  Iarradh ar na healaíontóirí an tráth sin a léamh féin a thabhairt ar an 5000 bliain a chuaigh roimhe, agus ar na forbairtí geolaíocha, éiceolaíocha agus daonna a tharla sa tréimhse sin. Bhí an mheitheal mar chroílár na treorach sin mar gheall ar a fhréamhaithe is atá sí i gcultúr dúchasach Thuaisceart Mhaigh Eo agus a éifeachtaí is atá sí chun rannpháirtíocht an phobail a spreagadh.

Ba éachtach an toradh a bhí air, le saothair scaipthe feadh an chósta ó Bhaile an Chaisil go dtí an Fód Dubh, ag cur iallach ar a lucht spéise – idir rannpháirtithe agus lucht féachana – machnamh a dhéanamh ar an áit féin, ar an aimsir, agus ar a muintir thar thréimhse ama chun ciall agus tuiscint iomlán a fháil ar an saothar. Ní dheachaigh tionscnaimh Thír Sáile ar chúl scéithe lenar chuir siad rompu. Níor fhéach siad le leachtanna a chur ar fhaichí láir bhaile, ná leaca a chur ar fhoirgnimh fheiceálacha;  bhí roinnt de na saothair chomh fíneálta sin gur dhoiligh iad a aithint mar ealaín, bhí roinnt eile in-bhithmhillte agus ag creimeadh mar is dual d'ábhar den chineál sin, brostaithe ag an aimsir fhiáin is gnách sna bólaí seo.

Roghnaíodh buíon úr ealaíontóirí in 2017 – Gareth Kennedy, Joanna Hopkins agus Noah Rose agus Selma Makela – chun cónaitheachtaí a chur chun cinn ina gcruthófar saothair úra ealaíne a fhreagraíonn do na seansaothair, agus treo na healaíne poiblí le 25 bliain anuas a chíoradh ag an am céanna. Shocraigh Gareth Kennedy, a bhí ag obair ina aonar, agus Noah Rose agus Selma Makela, a d’oibrigh i gcomhpháirt lena chéile, dul i mbun oibre le hiarsmaí áitiúla, le cultúr ábhartha atá ar fáil sa cheantar féin agus in iarsmalanna araon.  Dá thoradh seo, bheartaigh siad beirt taisceadáin todhchaí a chruthú; ceann Kennedy le cur sa talamh ionas go n-aimseofaí amach anseo mar chuid de thochailt seandálaíochta é, cur chuige a luíonn le próisis staire an cheantair; ceann Rose agus Makela le taibhléiriú agus le forbairt sa lá atá inniu ann sa chaoi is go n-aistreofaí isteach sa todhchaí é mar láithreacht dholáimhsithe, macalla de na blúiríní mealltacha de chultúr a tharraingíonn isteach i gcumarsáid muid leis an am a chuaigh thart.  Baineann tionscadal Joanna Hopkins go díreach leis an timpeallacht fhisiciúil, agus go háirithe le creimeadh cósta agus cóngas. Tá sí ag obair le meithle áitiúla chun páipéar a dhéanamh ar a seolfar teachtaireachtaí, agus an páipéar sin á dhéanamh as muiríneach ó Oileán Chloigeann, a bhíonn ag síorathrú faoi thionchar na haimsire agus na haeráide.

Cuirfidh a gcuid taighde – go háirithe nuair a bhreathnaítear air i gcomhthéacs na dtionscadal bunaidh – go mór le cultúr amhairc agus creatlach stairiúil Thuaisceart Mhaigh Eo, agus beidh an togra atá idir lámha ag Dorothy Cross ina sméar mhullaigh ar an tionscadal. Croí na ceiste anois is ea an chaoi a bhfuil coincheap na dealbhóireachta poiblí athraithe, agus forbartha, tá súil againn, sna 25 bliain a chuaigh idir an dá linn, agus is sa réimse seo atá Tuaisceart Mhaigh Eo ar thús cadhnaíochta. Ag féachaint orthu mar aon aonad amháin, bhí na 14 thionscadal sin ina eiseamlár den chleachtas ab fhearr agus ba shóisialta, mar aon le bheith ar an tionscadal ealaíne poiblí ba mhó in Éirinn i 1993.  D’eascair siad as tionscnaimh áitiúla, gach saothar ealaíne bunaithe ar eolas a cruinníodh agus a thug muintir na háite speisialta uathúla seo uathu. Tugadh cead a gcinn do na healaíontóirí; níor cuireadh aon cheangal orthu go gcaithfeadh na saothair a bheith buan ná feistithe, go gcaithfeadh siad aird a tharraingt orthu féin ná seasamh d’aon rud seachas an áit í féin, go gcaithfeadh siad cloí le traidisiún aitheanta dealbhóireachta poiblí ar bith, ná go gcaithfeadh siad daoine a shásamh ar an gcéad amharc. In áit dealbha a thógáil ar thimpealláin, chruthaigh ealaíontóirí agus pobail slí dhealbhóireachta phoiblí i dTuaisceart Mhaigh Eo atá fréamhaithe agus a fhreagraíonn dá gceantar féin agus do na scéalta fisiciúla agus daonna a bhaineann leis. Leis sin, chruthaigh siad múnla úr don ealaín phoiblí in Éirinn a scaipeadh i gcéin is gcóngar sula i bhfad. Toisc go raibh an tionscadal seo i bhfad chun cinn ar chleachtais na linne sin, is deacair a shamhlú go mbeidh an chéim seo de Thír Sáile chomh éachtach céanna ó thaobh fhorbairt an tseánra de. Ní hamháin gur iarradh ar an triúr a bhí ag dul i mbun cónaitheachta saothar nua a chruthú, iarradh orthu freagra a thabhairt ar na seansaothair chomh maith.  Ar an gcaoi sin, bheadh an saothar úr mar chrann taca agus mar léirmheas araon ar bhunphrionsabail cheannródacha an tionscadail. Is coincheap réabhlóideach é sin féin. Agus sin an chúis go raibh Joanna Hopkins, Noah Rose agus Selma Makela agus Gareth Kennedy in iomaíocht ghéar chun na cónaitheachtaí seo a bhaint. Teastaíonn ó ealaíontóirí móra obair le muintir agus le tírdhreach Thuaisceart Mhaigh Eo.  Cuideoidh an dlúthchaidreamh idir ealaíontóirí agus pobail linn ár bhfód féin a sheasamh i saol atá ag síorathrú.

 

Catherine Marshall

Lúnasa 2017